Nuair a bhaineann tú úsáid as TikTok, bailímid faisnéis fút. Táimid tar éis an leathanach seo a tháirgeadh chun béim a chur ar cad é an fhaisnéis sin agus conas a bhainimid úsáid aisti.
Chomh maith leis sin, rinneamar roinnt físeáin chun rudaí a mhíniú níos mionsonraithe agus chun roinnt samplaí a chomhroinnt ar an gcaoi a mbainimd úsaid do chuid faisnéise. Le haghaidh sonraí iomlána, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais.
Cuimhnigh, ní mór duit a bheith 13 ar a laghad chun TikTok a úsáid. Má tá tú faoi 18, ba chóir duit labhairt le do thuismitheoir nó caomhnóir sula dtosaíonn tú ag baint úsáid as TikTok.
Seans go mbaileoimid an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú fút
An fhaisnéis a bhailímid
Conas a úsáidimid d'fhaisnéis
Ní úsáidimid an fhaisnéis atá againn fút ach ar bhealaí a cheadaíonn an dlí. Ciallaíonn sé seo nach mór cúis bhailí a bheith againn chun úsáid a bhaint as do chuid faisnéise.
De réir an dlí, tá sé chúis bhailí ann. Is iad na trí chúis is coitianta a úsáideann TikTok ná:
Nuair a íoslódálann tú an aip TikTok nó nuair a chruthaíonn tú cuntas, déanann tú conradh linn. Faoin gconradh sin, aontaíonn tú agus sinn rudaí áirithe a dhéanamh, agus gan a dhéanamh. Ní mór dúinn do chuid faisnéise a úsáid le bheith in ann roinnt de na rudaí a aontaímid leo a dhéanamh. Mura n-úsáidfimid do chuid faisnéise, ní bheimis in ann an t-eispéireas TikTok iomlán a chur ar fáil duit. Mar shampla, níorbh fhéidir linn an fíd a cuhr ar fáil, atá in oiriúint do gach úsáideoir.
D'fhaisnéis agus d'fhíd Duitse
D'fhaisnéis agus ár dTreoirlínte Pobail
Ligeann an dlí dúinn do chuid faisnéise a úsáid má tá sé riachtanach ar mhaithe le leas dlisteanach (go bunúsach, má táimid ag úsáid do chuid faisnéise ar chúis mhaith nach bhfuil aon tionchar diúltach ar do chearta níos mó ná sin). Mar shampla, tá leas dlisteanach ann do chuid faisnéise a úsáid chun sábháilteacht agus folláine ár bpobal a chosaint. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis seo athbhreithniú a dhéanamh ar na rudaí a dhéanann tú ar TikTok chun a chinntiú nach dtéann siad i gcoinne ár dTreoirlínte Pobail.
Is féidir linn d'fhaisnéis a úsáid má thug tú do 'thoiliú' dúinn, ar cineál sonrach cead dlíthiúil é. Má iarraimid do thoiliú, déanfaimid an méid seo a leanas:
D'fhaisnéis agus eagraíochtaí eile
Seans go gcomhroinnfimid cuid de d'fhaisnéis le cuideachtaí agus eagraíochtaí eile.
Tugann dlíthe san Eoraip cearta ar d'fhaisnéis. Mhíníomar na cearta seo agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú, inár bPolasaí Príobháideachais.
Chomh maith leis sin, tá uirlisí agus socruithe cruthaithe againn ar féidir leat a úsáid chun d'fhaisnéis agus do phríobháideachas a rialú. Táimid ag iarradhfeabhsú i gcónaí, mar sin seans go n-athróidh na huirlisí agus na socruithe seo le himeacht ama. Bíodh ar an eolas trí bhreathnú ar do [deais Socruithe agus Príobháideachais] (rud atá ar fáil ó do leathanach Mise) agus trí na Lárionaid Cabhrach agus Sábháilteachta a sheiceáil.
Ligeann ár n-uirlisí agus ár socruithe duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh.
D'fhaisnéis a rialú
TikTok do dhéagóirí
Ní mór duit a bheith 13 ar a laghad chun TikTok a úsáid. Má tá tú faoi 18, seans go dtabharfaidh tú faoi deara nach bhfuil cuid de ghnéithe TikTok ar fáil duit nó nach féidir leat cuid de do shocruithe a athrú. Tá sé mar seo toisc ba mhaith linn go mbainfidh tú úsáid as TikTok ar bhealach atá taitneamhach, sábháilte agus cuí do d'aois.
Mar shampla, má tá tú faoi 16, socraítear do chuntas príobháideach de réir réamhshocraithe. Má tá tú 16 nó 17, is féidir leat rogha a dhéanamh idir cuntas príobháideach nó poiblí agus do chuntas á bhunú; mura roghnaíonn tú rud éigean, socraítear do chuntas príobháideach de réir réamhshocraithe.
Má tá cuntas príobháideach agat, ní féidir ach le daoine a dtugann tú cead dóibh do do leanúint, féachaint ar do chuid físeán, físeáin BEO, beathaisnéis, do chuid 'is maith liom' chomh maith le liosta na ndaoine a bhfuil tú dá leanúint agus liosta na ndaoine atá do do leanúint.
Má tá cuntas poiblí agat, beidh do phróifíl agus físeáin infheicthe do dhuine ar bith, agus is féidir le duine ar bith iad a roinnt ar nó as TikTok (is cuma má tá cuntas TikTok acu nó nach bhfuil) agus d'fhéadfadh go mbeadh le feiceáil in inneall cuardaigh, blaganna, postálacha meán sóisialta agus láithreáin nuachta.
Cuimhnigh, cé acu má tá do chuntas príobháideach nó poiblí, beidh d'ainm, d'ainm úsáideora agus do ghrianghraf próifíle le feiceáil i gcónaí ag duine ar bith ar TikTok nó as. Is cuma cén cineál cuntais atá agat, is féidir leat infheictheacht do phostálacha a shrianadh i gcónaí agus sa chás sin beidh do phostálacha teoranta don lucht féachana a roghnaíonn tú. Féach anseo maidir le conas is féidir leat do shocruithe físeáin a athrú.
Seiceáil amach ár dTairseach Óige le haghaidh an fhaisnéise go léir a theastaíonn uait chun an eispéireas is fearr is féidir a bheith agat ar TikTok.
Agus más tuismitheoir thú úsáideora TikTok faoi 18, féach ar ár dTreoir do Chaomhnóirí le haghaidh faisnéise agus acmhainní chun cabhrú leat TikTok a thuiscint agus na huirlisí agus na rialuithe is féidir leat féin agus do dhéagóir a chur ar siúl, mar ár ngné Péireála Teaghlaigh.
Tá súil againn gur fhreagair na Buaicphointí Príobháideachta seo cuid de na ceisteanna a d'fhéadfadh a bheith agat maidir leis an gcaoi a n-úsáidimid d'fhaisnéis. Le haghaidh tuilleadh sonraí, seiceáil amach ár Lárionad Cabhrach, Lárionad Sábháilteachta; Lárionad Trédhearcachta agus léigh ár bPolasaí Príobháideachais. Má tá ceist agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as na sonraí sa Pholasaí Príobháideachais nó ár bhfoirm ar líne a líonadh.